Seachtain na Gaeilge 1-17 Márta

Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl sa scoil faoi láthair.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn.

Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i Scoil Náisiúnta Cnoc Áine le linn na laethanta seo. Tá na páistí uilig ag obair go dian ag foghlaim damhsaí (sean nós), foinn ar an bhfeadóg stáin, Amhráin na bhFiann agus dánta as Gaeilge. Tá gach duine ag déanamh sár-iarracht agus táimid go léir ag úsáid Gaeilge ar fud na scoile. Tá na páistí ag ullmhú ealaín le haghaidh comórtas ealaíne agus tá gach duine ag tnúth leis an dtoraíocht taisce a bheidh ar siúl ar an Aoine (6/03).Tá súil againn go mbéidh craic agus caint againn go léir le linn Seachtain na Gaeilge.